22 Agus tugadar an móirsheisear í, agus nír fhagbhadar sliochd: agus tar éis cháich uile fúair an bhean bás mar an gcéadna.
23 Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, an tan do dhéunuid eiséirghe, cía aca da madh bean í? oír do bhí sí ag an móirsheisior na mnáoi.
24 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Nach uime so a tá sibh ar seachrán, tré nách bhfuil éolus na sgriobtúirigh aguibh, na cumhachd Dé?
25 Oír an tan éiréochuidh síad ó mharbhuibh, ní thabhruid fir mná, agus no tabharthar mná dfearuibh; achd a táid mar na hainglibh a tá ar neamh.
26 Achd a dtimcheall na marbh, go néireochuid síad arís: an né nár léughabhair a leabhar Mháoisi, cionnas do labhair Día ris ann sa sceich, ag rádh, Is mísi Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iacob?
27 Ní hé Día na marbh é, achd Día na mbéo: ar a nadhbhársin a tá sibhsé ar seachrán go mór.
28 Agus tháinic neach do na sgríobuidhibh chuca, do chúalaidh ag diosbóireachd íad, agus mar do chonnairc sé gur maith do fhreagair sé íad, dfíafruigh sé dhe, Cía an chéud aithne do na haitheantuibh uile?