3 Achd ar mbreith air dhóibhsean, do bhuaileadar, agus do leigeadar úatha folumh é.
4 Agus a rís do chuir sé chuca searbhfhoghantuighe eile; agus ar ngabháíl do clochaibh ar an bhfear sin, do bhriseadar a cheann, agus do chuireadar úatha fá mhíomhodh é.
5 Agus a rís do chuir sé neach eile chuca; agus do mharbhadar an fearsin, agus mórán eile; ag buáladh coda aca, agus ag marbhadh coda eile.
6 Achd do bhí aige fós éun mhac, a mháin ionmhuin, agus do chuir sé éisean mar an gceadna chuca fá dheireadh, ag rádh, Do bhéuruid síad onóir dom mhac.
7 Achd a dubhradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toidhre; tigidh, marbhum é, agus budh linn féin an oidhreachd.
8 Agus ar mbreith air, do mharbhadar é, agus do theilgeadar as an bhfíneamhain a mach é.
9 Ar a nadhbharsin créud dhéanas tighearna na fíneamhna? Tiocfaidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile.