1 Agus ar ndul don tsabbóid thárrsa, do cheannuigh Muire Magdalén agus Muire mathair Shéumuis, agus Salóme, spíosradh deaghbhaluidh, chum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é.
2 Agus tangadar go romhoch ar maidin an chéd lá don tseachdmhuin, chum an túama lé héirghe na gréine.
3 Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompeochas dhúinn an leac ó dhorus an túama?
4 Agus ar bhféachain dóibh, do chonncadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhí si romhór.
5 Agus ar ndul sdeach ann sa túama dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raibh éudach fada glégheall; agus do ghabh úathbhás íad.