3 Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompeochas dhúinn an leac ó dhorus an túama?
4 Agus ar bhféachain dóibh, do chonncadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhí si romhór.
5 Agus ar ndul sdeach ann sa túama dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raibh éudach fada glégheall; agus do ghabh úathbhás íad.
6 Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é.
7 Achd imthighidh, innisidh dá dheisciobluibh agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh.
8 Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama; óir do bhí críth agus úathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach; óir do bhí eagla orrtha.
9 Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain.