7 Achd imthighidh, innisidh dá dheisciobluibh agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh.
8 Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama; óir do bhí críth agus úathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach; óir do bhí eagla orrtha.
9 Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain.
10 Agus ar nimtheachd disi do fhoillsigh sí sin don druing do bhi na fhochair sean, do bhí ag gul agus ag caói.
11 Agus an tan do chúaladarsan, eisean do bheith béo, agus go bhfacuidh sis é, nir chreideadar.
12 Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca, a gcruth eile mar shíubháileadar, agus íad ag dul fan dtudháith.
13 Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile: gidheadh níor chreideadar íadsan fós.