19 A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh.
20 Achd tiocfuidh na laéthe, an a mbéurthar úatha an fear núaphósda, agus ann sin do dhéanuid trosgadh ann sna laéthibh sin.
21 Agus ní fhúaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an prebán núa úd cuid don tseineudach, agus is móide an briseadh.
22 Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.
23 Agus tárla, ag gabháil tré ghortuibh dhó isin tsábboid; gur thionnsgnadar a dheisciobail, ag soibhal na slígheadh déusa do bhúain.
24 Agus a dubhradar na Phairisinigh ris, Féuch, créd fá ndéanuidh síad sa tsabboid an ní nach ceaduightheach?
25 Agus a dubhairt seisean ríu, An né nar léaghabhair a ríamh créud do rinne Dáibhi, an tan do bhí ríachdanus air, agus do bhí ocrus air, é féin, agus ar an mhúinntir do bhí maille ris?