21 Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar, Go raibh sé ar míchéill.
22 Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.
23 Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach?
24 Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh.
25 Agus ma bhíonn tigh rionnte na aghaidh féin, ní héidir leis a tigh sin seasamh.
26 Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.
27 Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh.