13 Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.
14 Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é.
15 Agus an tan do aithin Iósa so, do imthigh sé as sin: agus do lean slúagh mór é, agus do shlánaigh sé íad uile;
16 Agus do rinne sé bagar orrtha do chum nach déanaidís follus é.
17 Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir,
18 Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh.
19 Ní dhéanaidh sé ceannairc, ní dhéanaidh sé éimhghe; agus ní chluinfidh neach ar bith a ghúth air na sráidibh.