42 Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe budh dhead a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh sí é: óir thainic sisí ó leithimealuibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh; agus, féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so.
43 Tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach, síobhluidh se thrí ionadaibh tíorma, ag iárraidh suáimhnis, agus ní fhaghann é.
44 A deir sé an tansin, Fillfidh mé do thigh, as a ttainic mé; agus tar éis teachda dhó, do gheibh sé folumh, sgúabtha, deaghmhaiseach é.
45 Imthighidh sé an tansin, agus do bheir sé seachd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeach áitrighid said ann sin: agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach. Agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.
46 Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch, do sheasadar a mhathair, agus a dhearbhraithreacha a muigh, ag íarraidh labhartha ris.
47 Agus a dubhairt neach eigin ris, Féuch, a tá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag íarraidh labhartha riot.
48 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris an té do innis so dhó, Cía hí mo mhathair? agus cía hiad mo dhearbhraithreacha?