45 Imthighidh sé an tansin, agus do bheir sé seachd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeach áitrighid said ann sin: agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach. Agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.
46 Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch, do sheasadar a mhathair, agus a dhearbhraithreacha a muigh, ag íarraidh labhartha ris.
47 Agus a dubhairt neach eigin ris, Féuch, a tá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag íarraidh labhartha riot.
48 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris an té do innis so dhó, Cía hí mo mhathair? agus cía hiad mo dhearbhraithreacha?
49 Agus síneadh a láimhe chum a deisciobal dó, á dubhairt sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithreacha!
50 Oír giodh be neach do dhéanaidh toil Matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.