23 Achd ní thug seisean freagra ar bith uirthe. Agus tangadar a dheisciobail chuige agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíghmhe ar ndíaigh.
24 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.
25 Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum.
26 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Ní coir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngádhar.
27 Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.
28 Ar bhfreagra Diósa an tansin, a dubhairt sé ría, O a bhean, is mór do chreideamh: teagmhadh dhuit mar is toil leachd. Agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.
29 Agus ar nimtheachd Diósa as sin tháinic sé láimh ré fairrge na Gaililee; agus an tan do chúaidh sé súas ar shliabh, do shuidh sé ann.