25 Agus an tan nar bhéidir leis na fiáchaso ióc, do aithin a thighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do reic, do chum na bhfíach do dhíol.
26 Ar a nadhbharsin ag déanamh úmhla don tsearbhfhoghantuighe sin, do íarr sé athchuinghidh air, ag rádh, A thighearna déana foighid rióm, agus do bhéara mé an tiomlán dhuit.
27 Ann sin ar ngabhail trúaighe moiré tighearna a nógláoich úd, do léig sé úadh é, agus do mhaith sé na fíacha dhó.
28 Agus ag dul a mach don tsearbhfhoghantuigh úd, fuáir sé áon dá choimhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd phighinn: agus ar na fhosdadh, rug sé ar sgórnuigh aír, ag rádh, Díol rium an ni dhligheas tú.
29 Agus ag tuitim da chomhshearbhfhoghantuidhe agá chosuibhsean, do ghuidh sé é, ag rádh, Deana foighid riom, agus do bhéara mé an tiomlan duit.
30 Achd nior bháill leisean sin: achd ar nimtheachd dó do theilg sé a bpriosún é, no go niocadh sé na fíacha.
31 Agus an trath do chonncadar a choimhshearbhfhoghantuidhesion ne neither do rinneadh, do ghabh doilgheas romhór íad, agus thangadar agus do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann.