1 Oir is cosmhuil an ríoghachd neamhdha ré fear tighe áirighthe, do chúaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar túarasdal ann fhineamhuin.
2 Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad.
3 Agus ar ndul a mach dhó timcheall an treas úair, do chonnarc sé droag eile díomháoineach na seasamh ar an margadh,
4 Agus a dubhairt sé ríu: Imdhighsi leis don fhíneamhuin, agus gidh bé ní bhús ceart do bhéara mé dhíbh é. Agus do imdhigheadarsan.
5 A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.
6 Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?