11 Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.
12 Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum,
13 Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe.
14 Tangadar chuige an tráthsin doill, agus bacaigh annsa teampoll; agus do shlánaigh sé íad.
15 Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é,
16 Agus a dubhradar ris, An gluin tú créd a deirid an mhuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do chluinim; a né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanán cíche do chriochnuigh tú moládh?
17 Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.