5 Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.
6 Agus do imthigheadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Iósa dhíobh.
7 Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin.
8 Agus do leathnuigheadar mórán do dháonibh a mbruit ar a tslighe; agus do ghearradar drong eile géaga dó chrannaibh, agus do leagadar ar a tlighe íad.
9 Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh.
10 Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so?
11 Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.