14 Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha.
15 Ag imtheachd ann sin do na Pharisíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas ghéabhadis é iona bríathruibh
16 Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.
17 Ar a nadhbharsin innis dúinne, créd do chíthear dhuit? An cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt?
18 Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh?
19 Taisbéanuidh dhamh airgead an chíosa. Agus tugadarsan, pighinn chuige.
20 Agus a dubhair sé ríu, Cía dár ab íomháigh so agus cía ré a mbeanann an sgríbhinn so na thimcheall?