1 Do labhair Iósa an tráthsin ris an bpobal, agus ré na dheiscíobluibh féin,
2 Ag rádh, A táid na sgríobuidhe agus na Phairisínigh na suidhe a gcaithir Mháoisi:
3 Ar a nadhbharsin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimhéaduidh agus déanaidh íad; achd ná déanuidh do réir noibrighthe: oír a deirid síad, agus ni dhéanuid.
4 Oir ceangluid úaluighe troma dóiomchuir, agus cuirid íad ar shlinnéanuibh na ndáoine; gidheadh ní hail léo féin cor do chur dhíobh ré háon da méaruibh.
5 Achd cheana is do chum go bhféachfaidís dáoine órrtha do níd síad a noibrighthe uile: óir do níd said a bhphiolactérighe leathna, agus do níd síad imeal a neaduigheadh taidhbhseach.
6 Agus as ionmhuin léo an céadionad suidhe ann sna féasduidhibh: agus na céadchaithíreacha annsna coimhthionóluibh.