14 Is anáoibhínn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír ithtí tíghe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ar urnuighe: ar a shon so do geabhtháoi an breitheamhnus is truime.
15 Is anáoibhinn dáoibh, á sgríobuighe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrábhaidh! oír gabhtháoi timcheall mara agus tire do chum ndéunadh sibh áonnduine air bhur riaghail féin, agus an tráth bhíos sé déanta, do níthí mac ifeirnn de ní sa mho fá dhó ná dhíbh féin.
16 Is anáoibhinn dáoibh, a thréoruighthe dalla, noch a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é; achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach!
17 A dháoine leamha agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náomhas an tór?
18 Agus, Gidh bé duine bhéaras a naltór mar mhionna, ni bhfuil éfeachd ann; achd gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir.
19 A dháoine leamha dalla: an mó a nóthráil, ná a naltóir naomhas nothráil?
20 Ar a nadhbharsin gidh bé bheir a naltóir mar mhionna, do bheir sé í féin, agus gach ní dhá bhfuil uirrthe mar mhionna.