24 A threoruighthe dall, sgagus an mhíoltóg, agus shluigeas an cámhall.
25 As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir.
26 A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna.
27 Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar.
28 Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
29 Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe, agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! oír do nithí túamuidhe do na fáidhibh, agus deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach,
30 Agus a deirthí, Da mbémis ann a láethibh ar naithreach, ní bhémis pairteach ríu a bhfuil na bhfáidheadh: