28 Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
29 Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe, agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! oír do nithí túamuidhe do na fáidhibh, agus deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach,
30 Agus a deirthí, Da mbémis ann a láethibh ar naithreach, ní bhémis pairteach ríu a bhfuil na bhfáidheadh:
31 Agus is mar sin do níthí fíadhnuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clan na muinntire úd do mharbh na fáidhe.
32 Agus líonuidhsi mar an gcéadna miosúr bhar náithreacha féin.
33 A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?
34 Ar a nadhbharsin, féuch cuirimse chugaibh fáidhe, agus daoine glioca, agus sgríobuidhe: agus cuirfidhísi chum báis, agus crochfuidhthí cuid dhíobh; agus sgiúrsfuithi cuid éile ann bhur síonagogaibh, agus díbéortháoi íad ó chathair go cathair: