50 Agus a dubhairt Iósa risean, A chara, créd fá dtaínic tú? Tangadarsan an tráthsin, agus do chuireadar lámh a Niósa, agus do ghabhadar é.
51 Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamha mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de.
52 Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: oír gach uile dhuine ghlacus cloidheamh is le cloidheamh thuitfeas sé.
53 A né nach sáoileann tú gur ab éidir leamsa Mathair do ghuidhe a nois, agus do bhéaradh sé dhamh do láthair ní sa mhó ná dhá léghión dég dainglibh?
54 Achd cionnas do coimhlíonfuidhthe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a bheith.
55 A dubhairt Iósa ris an tslúagh a núairsin, Tangabhair a mach amhuil chum biothumhnaigh le cloidhmhe agus lé batuidhe dom ghlacadhsa? do bhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll ag teagasg, agus ní rugabhair oram.
56 Achd táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlionfuidhthe sgrioptúiridhe na bhfáidheadh. Ar na thréigean dá dheiscíobluibh uile ann sin, do theitheadar.