56 Achd táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlionfuidhthe sgrioptúiridhe na bhfáidheadh. Ar na thréigean dá dheiscíobluibh uile ann sin, do theitheadar.
57 Agus ar mbreith ar Iósa dhoibhsean rugadar léo chum Caipháis an tárdshagart é, mar a rabhadar na sgriobuidhe agus na sinnsir cruinn.
58 Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh.
59 Agus do iarradar úachdaráin na sagart, agus na seinnsir, agus an chomhairle uile, fiadhnuisi bhréige a naghuidh Iósa, ionnas go gcuirfidis chuin báis é;
60 Agus ní fhúaradar: agus fós, gé thangadar mórán dfíadhnuisibh fallsa, ní fhúaradar. Agus fa dheireadh ar dteachd do dhiás dfíadhnuisibh bréagacha,
61 A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá.
62 Agus ar neírghe do nárdshagart, a dubhairt sé ris, Nach ttugann tú freagra éigin úait? créd fa bhfuilid so ag deanamh fíadhnuisi ad aghuidh?