67 Ann sin do ghabhadar do sheilidhibh an a éadan, agus do ghabhadar dream eile do shlataibh air,
68 Ag rádh, Deuna faidheadoíreachd dhúinn, a Chríosd, Cía bhúail thú?
69 Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.
70 Achd do shéan seisean a bhfíadhnuisi cháich uile, ag rádh, Ní fheidir mé créd a deir tú.
71 Agus ar ndul a mach dhó ann sa phóirsi, do chonnairc cailín eile é, agus a dubhairt sí rís an luchd do bhí a lathair, Do bhí an fearsa leis a bhfochair Iósa Násardha.
72 Agus do shéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin.
73 Agus tamall na dhíaigh sin tangadar an dream do bhí na seasamh a láthair, agus a dubhradar ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd féin thusa; óir a tá do chamnt féin dod bhrath.