12 Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní.
13 A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú créd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfíadhnuisi ad aghaidh?
14 Agus ní thug sé freagra ar éanfhocal do: ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán.
15 Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo.
16 Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás.
17 Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd?
18 Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.