28 Agus an tráth tháinic sé a sdeach do tigh, tangadar na doill chuighe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidthí gur ab eídir leamsa so do dhéanamh? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Thighearna.
29 Ann sin do bhean sé ré na súilibh, ag rádh, Teagmhadh dháoibh do réir bhur gcreidimh.
30 Agus do hosgladh a súile; agus do bhagair Iósa go géur orrtha, ag rádh, Tabhraidh dha bhur naire nach bhfuighe duine ar bith a fhios so.
31 Achd ar ndul a mach dhóibhsean, so leathnuigheadar a chlúsan fan ttalamhsin uile.
32 Agus an tan do chúadarsan a mach, féuch, tugadar duine balbh chuige ann a raibh deamhan.
33 Agus tar éis an deamhan do theilgean a mach, do labhair an balbhán: agus do ghabh iongantas an pubal, ag rádh, Ní bhfacas a leithéide so a Níosrael ríamh.
34 Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé an mach na deamhain.