14 Atáim am fhéitheamhnach do na Gréugachaibh, agus do na dáoinibh Barbártha; do dháoinibh glioca, agus neamhghlioca.
15 Ar a nadhbharsin, an mhéid is éidir leam, atáim ullamh chum an tsoisgéil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna a bhfuiltí sa Róimh.
16 Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
17 Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
18 Oír fhoillsighthear fearg Dé ó neamh anaghaidh gach úile neamhdhíadhachd agus eagcóir na ndaóineadh, chongmhas a nfirinne a neamhfhireantachd;
19 Oír an mhéid déolus is éidir dfaghail ar Dhía atá sé go follus ionntasan; óir do rinne Día follus dhóibh é.
20 Oir a neithesion nach éidir dfaicsin, mar atá a chúmhachd síorraidhe agus a dhiadhachd, atáid síad soilléir sóthuigsigthe ó chrúthughadh an domhain treas na neithe do rinneadh; ionnus nach beith leithsgéul aca: