1 Uime sin fíafruighim, Nar theilg Día a phobal féin úadha? Nár léige Día sin. Oír is Israélach misi féin, do shliochd Abraham, do threibh Bhenjamin.
2 Níor theilg Día uáidh a phobál fein do aithin sé ó thús. A né nách bhfuil a fhios aguibh créd a deir an scrioptúr a dtimcheall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naghaidh Israél, ag rádh,
3 A Tighearna, do mharbhadar thfaidhe, agus do leagadar síos haltóracha; agus do fáfbhadh misi am áonar, agus atáid síad ag íarruidh manma.
4 Achd créd é an fhreagra do bheir Día air? Do choimhéd mé dhamh féin seachd mile fear, nár fhill a nglúine do Bhaal.
5 Ar a nadhbharsin ís mar sin do fágbhadh fáoilleach ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngrás.