1 Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad.
2 Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin.
3 Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh:
4 Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.
5 Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.
6 Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.