4 Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.
5 Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.
6 Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.
7 Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.
8 Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.
9 Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.
10 Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.