3 Oír ní hí a thoil féin do rinne Críosd; achd, do réir mar atá sgríobhtha, Do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa oramsa.
4 Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
5 Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
6 Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
7 Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
8 Agus a deirim go raibh Iósa Críosd na mhinistir an timchillghearrtha ar son fírinne Dé, chum geallamhnach na naithreach do dhainniughadh:
9 Agus ionnus go molfadh na cineadhacha Día ar son a throcaire; do réir mar atá sgríobhtha, Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na Gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm.