1 Ar a nadhbharin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine, gidh bé ar bith thú dhamnuigheas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáoradh tú thú féin; óir thusa dháorus duine eile do ní tú na neithe céadna.
2 Achd atá a fhios aguinne go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne a naghuidh na muinntire do ní ionnsamhail na neitheadh sin.
3 Agus an measann tusa so, O a dhuine dhamnuigheas an dream do ní a leitheid súd, agus thú féin dá ndéunamh, go racha tú as ó bhreitheamhnus Dé?
4 Nó an dtarcuisnidheann tú saidhbhreas a mhaitheasa agus a fhoighide agus foide a fhulaing; gan a fhios agad go dtréoruigheann maitheas Dé thú chum aithrighe?
5 Achd do réir do chruáis féin agus do chroídhe neamhaithrigheach taisgidh tú dhuit féin féarg fá chomhair láoi na feirge agus fhoillsighthe cheirtbhreitheamhnuis Dé;
6 Noch a bhéuras dá gach éinneach do réir a ghníomhartha: