13 Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.
14 Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
15 Créd eile maseadh? a ndéanam peacadh, ar a nadhbhar nách bhfuilmíd faói an dligheadh, achd faói ghrásuibh? nar léige Día sin.
16 An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
17 Achd buidheachas ré Día, go rabhabhair bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, achd dúmhlaigh sibh ó chróídhe don fhoirm theaguisg do tugadh dhíbh.
18 Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh, do rinneadh seirbhísigh don fhíréuntachd dhaóibh.
19 Is mar dhuine labhrum ar son anbhfainne bhur bhféolasa: oír do réir mar thugabhair bhur mbaill na seirbhíseachuibh do neamhghloine agus do bhriseadh na naitheantadh chum éagcóra; tabhruigh a nois mar an gcéudná bhur mbaill na seirbhíseachuibh don fhíréantachd chum náomhthachda.