21 A né nach bhfuil cúmhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, agus soitheach eile chum neamhonóra déanádhbhar amháin?
22 Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta:
23 Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire,
24 Eadhon dúinne, noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fós as na Cineadhachuibh?
25 Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin, don pobal nár leam; agus mo ghrádh féin, don mhnáoi nach raibh am gradh.
26 Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa; go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhi.
27 Agus éighidh Esaías ar Israél, Bíodh go mbeith úimhir chloinne Israel mar ghaineadh na fairge, sléinéochthar a bhfuighleach: