7 Féuch, atá sé ag teachd maílle ré neulluibh; agus do chífidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise. As amhluidh bhías, Amén.
8 As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.
9 Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcómhchompánach a dtáobh bhuáidheartha, agus ríoghachda agus fhúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Iósa Críosd.
10 Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chúaluidh mé don táobh shíar dhíom gúth mór mar fhuáim sduic,
11 Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach agus a neach deígheanach: agus, Sgríobhsa a leabhar, an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluisidhibh atá sa Násia; chum Ephesuis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis, agus chum Philadelphía, agus chum Laodicea.
12 Agus do iompoigh mé ar mo chúl chum an ghótha do labhair riom dfaicsin. Agus ar niompógh dhamh, do chonnairc mé seachd gcoinnleóirigh órrgha;
13 Agus a meadhón na seachd gcoinnleóir sin neach bá cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic síos go a sháluibh, agus crios órrgha thairis a dtimchioll a chíoch.