4 Ag so an dá chrann ola agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfiadhnuise Thíghearna na talmhan.
5 Agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigean a mharbhadh,
6 Atá do chúmhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach mbíadh fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cúmhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil, agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.
7 Agus an tan chriochnóchuid síad a bhfíadhnuise, do dhéunuidh an tainmhidhe éirgheas ón bpoll dubhaigéin cogadh ríu, agus béuruidh sé buáidh orrtha, agus muirfidh sé íad.
8 Agus béid a gcuirp sínte ar shráidibh na caithreacha moire, dá ngoirthear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusadh ar Dtíghearna.
9 Agus do chífid cuid do na treabhuibh agus do na puibleachuibh agus do na teangthuibh agus do na cineadhachuibh a gcuirp feadh thrí lá go leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúamnighibh.
10 Agus do dhéunuid áitreabhuidh na talmhan gáirdeachas ós a gcionn, agus biáidh lúathgháir orrtha, agus cuirfid tabhartuis chum a chéile; do bhrígh gur phíanadar an dá fháighse áitreabhuigh na talmhan.