1 Agus táinic aingeal do na seachd nainglibh agá rabhadar na seachd soithighe, agus do labháir sé riom, ag rádh riom, Gabh a leith; taisbéana mé dhuit dámnughadh na méirrdrigh móire atá na suidhe ár uisgedhibh iomdha:
2 Ré a ndearnadar ríghthe na talmhan sdríopachas, agus agá bhfuilid áitreabhuidh na talmhan ar misge o fhion a sdriopachais.
3 Agus rug sé ris mé fán bhfásach trés an spioruid: agus do chonnairc mé bean na snidhe ar ainmhidhe air dháth na sgárrlaóide, lán danmannuibh blaísphéimighe, ar a rabhadar seachd gcinn agus deich nadhárca.
4 Agus an bhean ar na héudúghadh do phúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóradh ré hór agus ré clochuibh morluáidh agus ré péurluighidh, agus do bhí cupán órrgha aice na láimh lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a sdríopachais.
5 Agus ainm sgríobhtha aglár a héudúin, RUINDIAMHAIR, AN BHABILON MHOR, MATHAIR SDRIOPACHAIS AGUS GHRAINEAMHLACHDA NA TALMHAN.
6 Agus do chonnairc mé an bhean sin air misge dfuil na náomh, agus dfuil mhairtíreach Iósa: agus ar na faicsin damh, do ghabh iongnadh romhor mé.
7 Agus a dúbhairt an taingeal riom, Cred fá ngabhann iongadh thú? foillséochadsa dhuit rúindíamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, agus deich nadharca.