1 Na dhiaigh so do fhéuch me, agus, féuch, doras fosguilte ar neamh: agus an céud ghúth do chúaluidh mé, mar fhuáim sduic ag labhairt riom; ag rádh, Gabh a níos ann so, agus foillseóchad dhuit na neithe as éigean do dhéunamh na dhiáigh so.
2 Agus do bhí mé gan fhuireach san sbioruid: agus, féuch, do bhí catháoir ríogha ar na suigheadh ar neamh, agus do bhí neach na shuidhe sa gcatháoir.
3 Agus an tí do shuigh bá cosmhuil é ré na fhéuchain ré cloich Iaispis agus Shardis: agus do bhí bogha uisge a dtimchioll na catháoire fá gcuáirt, bá cosmhuil ré ná fhéuchain ré cloich smaragad.
4 Agus a dtimchioll na catháoireach fá gcuáirt do bhádar ceithre catháoireacha fithchead: agus do chonnairc mé sna catháoireachuibh sin na suidhe, ceathrar ar fichid seanóir umá raibh éuduighe gléigheala; agus do bhádar coróna órrgha aca ar a gceannuibh.
5 Agus táinic amach ón gcatháoir sin tinnteach agus tóirrneach agus gothanna: agus do bhádar seachd lampuighe teineadh ar dearglasadh a bhfíadhnuise na catháoireach, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad.
6 Agus do bhí a bhfíadhnuise na cathaóireach fairrge ghloine bá cosmhuil ré criosdal: agus eidir an gcathaóir, agus na neithe do bhí na timchioll, do bhádar ceithre beathuigh lán do shúilibh rompadh agus na ndiáigh.