1 Agus na dhiáigh sin do chonnairc me ceithre haingil na seasamh ar cheithre corruibh na talmhan, ag congmháil cheithre ngáotha na talmhan, ionnus nach séidfeadh an gháoth ar an dtálamh, ná ar an bhfairge, ná ar chrann ar bith.
2 Agus do chonnairc mé aingeal eile ag éirighe ón áird a nsoír, agá raibh séula Dé bhí: agus do éigh sé do ghúth árd ar na ceithre hainglibh, dá dtugadh cúmhachda an talamh agus a nfairrge mhilleadh,
3 Ag rádh, Ná déunuidh dochar don talamh, ná don fhairrge, ná do na crannuibh, nó go gcuiream séula ar searbhfhoghantuighibh ar Ndé a gcláruibh a néudan.
4 Agus do chúala mé uibhir na druinge air ar cuireadh an séula: agus do séuluigheadh céud agus ceathrar ar dhá fhichead dó mhíltibh do threabhuibh chloinne Israel uile.