13 Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom, Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala? agus cá hionad as a dtangadar?
14 Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.
15 Uime sin atáid síad a bhfíadhnuise árdchathaoire Dé, agus do níd seirbhís dósan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa gcathaóir áiteochuidh sé na measg.
16 Ní bhiáidh ocarus orra nisa mhó, ná tart feasda orrtha; agus ní luíghfidh an ghrían orrtha, ná teas ar bith.
17 Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.