2 Agus do chonnairc mé aingeal eile ag éirighe ón áird a nsoír, agá raibh séula Dé bhí: agus do éigh sé do ghúth árd ar na ceithre hainglibh, dá dtugadh cúmhachda an talamh agus a nfairrge mhilleadh,
3 Ag rádh, Ná déunuidh dochar don talamh, ná don fhairrge, ná do na crannuibh, nó go gcuiream séula ar searbhfhoghantuighibh ar Ndé a gcláruibh a néudan.
4 Agus do chúala mé uibhir na druinge air ar cuireadh an séula: agus do séuluigheadh céud agus ceathrar ar dhá fhichead dó mhíltibh do threabhuibh chloinne Israel uile.
5 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Iudá. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Rúben. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ghad.
6 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Asér. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Nephthali. Do seuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Mhanasses.
7 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Lébhi. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar.
8 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shabulón. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ióseph. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Bheniamin.