7 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Lébhi. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar.
8 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shabulón. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ióseph. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Bheniamin.
9 Tar a éise sin do fhéuch mé, agus, féuch, buidhean mór, nár bhéidir déinneach áireamh, do gach uile chineadh, agus threibh, agus phubail, agus theanguidh, na seasamh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfiadhnuise a Nuáin, umá rabhadar róbuidhe fada gleigheala, agus pailm ann a lamhuibh;
10 Agus do éigheadar do ghúth árd, ag rádh, Slánughadh dár Ndíane atá na shuidhe sa gcathaóir, agus do Núan.
11 Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanóirigh agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir do Dhía,
12 Ag rádh, Amén: Moladh, agus glóir, agus éagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cúmhachda, agus neart dár Ndíane go sáoghal na sáoghal. Amén.
13 Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom, Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala? agus cá hionad as a dtangadar?