14 Ag rádh ris an seiseadh aingeal agá raibh an sdoc, Sgaóil na ceithre haingil noch atá ceanguilte ag a nabhuinn mhóir Euphrátes.
15 Agus do sgaoileadh na ceithre haingil, noch do bhí ullamh dúair, agus do ló, agus do mhí, agus do blíadhain, chum an treas coda do na daóinibh do mharbhadh.
16 Agus a sé uibhir an mharcshluaigh dhá chéud mile do mhiltibh: óir do chúaluidh mé a nuibhir.
17 Agus as ámhluidh so do chonnairc mé na heích a dtaíbhse, agus an luchd do bhí ar a muin, umá rabhadar lúireacha tinntighe, agus ar dhath na híacinth, agus na ruibhe: agus bá cosmhuil cinn na neach ré ceannuibh leomhan; agus táinic teine agus deatach agus ruibh as a mbéuluibh amach.
18 As ris na trí pláighibhse do marbhadh an treas cuid do na daóinibh, ris an dteíne, agus ris a ndeatuigh, agus ris an ruibh tháinic, as a mbéuluibh amach.
19 Oír is ann a mbéul atá a gcúmhachda, agus ann a nearbluibh: oír is cosmhuil a nearbuill ré haithreachuibh nímhe, agus atáid cinn ar na hearbluibhsin, ré a ndéunuid dóchar.
20 Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal: