30 Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach bhfuil feidhm ort aon duine ag cur ceisteanna ort; creidimid leis seo gur tháinig tú ó Dhia.”
31 D'fhreagair Íosa iad, “An fíor é go gcreideann sibh anois?
32 Tá an t‑am ag teacht, is ea, tá an t‑am ann a mbeidh sibh do bhur scaipeadh, an uile dhuine agaibh ag filleadh abhaile, an t‑am a bhfágfaidh sibh i m'uath agus i m'aonar mé; siúd is nach bhfuil mé i m'aonar, nuair a bhíos an tAthair liom.
33 Dúirt mé an méid sin libh ionas go mbeidh bhur síocháin agaibh ionamsa. Beidh buairt oraibh ar an domhan seo; ach glacaigí ina mhórmhisneach é, ó tá buaite agam ar an domhan.”