14 Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise.
15 Nil mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid.
16 Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin.
17 Naomhaigh leis an bhfírinne iad; is é do bhriatharsa an fhírinne.
18 De réir mar a chuir tú mise isteach sa domhan, is amhlaidh a chuir mise amach sa domhan iad.
19 Agus mar mhaithe leo bím do mo naomhú féin, ionas go naomhaítear iad freisin leis an bhfírinne.
20 “Níl mé ag guí ar son an dreama seo amháin, ach ar son an dreama sin freisin a chreideas ionam trína mbriathar siúd,