27 Dúirt sé ansin le Tomás, “Sin amach do mhéar, agus seo duit mo lámha; agus cuir amach do lámh go sá tú isteach i mo thaobh í; ná bí díchreidmheach, ach i do chreidmheach.”
28 D'fhreagair Tomás é, “Is tú mo Thiarna agus mo Dhia!”
29 Dúirt Íosa leis, “An gcreideann tú nuair atá mé feicthe agat? Is beannaithe a chreideas agus nach bhfaca.”
30 Is iomaí sin comhartha a rinne Íosa i láthair na ndeisceabal, nach bhfuil scríofa sa leabhar seo;
31 ach tá an méid sin scríofa ionas go gcreide sibh gurb é an Críost, Mac Dé, é Íosa, agus ionas go mbí beatha agaibh ina ainmsean trí bhur gcreideamh.