22 Deir Íosa leis, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean tusa mise.”
23 Scaip an briathar sin i measc na mbráithre agus shíl siad nach bhfaigheadh an deisceabal úd bás; ach ní dúirt Íosa leis nach raibh sé le bás a fháil, ach dúirt sé, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
24 Is é sin an deisceabal atá ag tabhairt fianaise i dtaobh na nithe sin, agus atá i ndiaidh é seo a scríobh; agus tá a fhios agam go bhfuil a fhianaisesean fíor.
25 Ach is iomaí ní eile a rinne Íosa lena chois sin; dá scríofaí gach uile cheann acu, ní shílimse go mbeadh áit sa domhan uile le haghaidh na leabhar a bheadh á scríobh.