1 Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin;
2 agus nuair a glaodh air, chuaigh Tertullus á chúiseamh, agus is é a dúirt sé:“Ós tríbh a bhíos só agus síocháin againn, agus ó nach é bhur ndearmad, a Fhelix dhearscnaí, cuimhneamh ar gach cineál athchóirithe a bhíos le leas an chine seo,
3 bimid ag glacadh leis sin uaibh go buíoch beannachtach ar gach aon slí i ngach uile áit.
4 Ach de gheall ar gan bhur gcuid ama a chur amú níos faide, táim ag iarraidh oraibh cineál a dhéanamh orainn trí éisteacht linn.