4 Ach de gheall ar gan bhur gcuid ama a chur amú níos faide, táim ag iarraidh oraibh cineál a dhéanamh orainn trí éisteacht linn.
5 Tá aithne againn ar an duine seo mar dhuine dochrach díobhálach, a bhíos ag cur iaróige ina suí i measc a bhfuil de Ghiúdaigh ar fud na cruinne, agus é ina cheann feadhna ar sheict na Nasarthach.
6 Thug sé iarraidh ar an teampall féin a shárú, ach rugamar air
8 Nil le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.”
9 D'aontaigh na Giúdaigh leis an gcúiseamh seo freisin, ag dearbhú go raibh sin uile amhlaidh.
10 Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, d'fhreagair Pól:“Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne.
11 Mar is féidir leat a dheimhniú, níl sé ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go hIarúsailéim le bheith ag adhradh Dé;