10 “Tugaigí aire gan a bheag a dhéanamh d'aon duine den mhuintir bheag seo; mar táim á insint daoibh go mbíonn a n‑aingil siúd i bhflaitheas Dé i gcónaí ag amharc ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.
12 Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin?
13 Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh.
14 Mar sin ní toil le m'Athair atá ar neamh go gcailltí aon duine den mhuintir bheag seo.
15 “Má pheacaíonn do bhráthair i d'aghaidh, gabh chuige agus inis a locht dó, gan aon duine ann ach amháin tusa agus eisean. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair gnóthaithe agat.
16 Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir.
17 Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha.