17 Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh d'aghaidh,
18 ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice d'Athair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
19 “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh, mar a mbíonn na leamhain agus na coincleacha ag ithe, agus na gadaithe ag briseadh isteach agus ag goid,
20 ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid.
21 Mar cibé áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.
22 “Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas;
23 ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!